Deis fíorstairiúil do thús nua”

Dealbh Hands Across the Divide le Maurice Harron

Dealbh Hands Across the Divide le Maurice Harron

Dealbh Hands Across the Divide le Maurice Harron

A bhuíochas le Comhaontú Aoine an Chéasta, a síníodh ar an 10 Aibreán 1998, tá glúin iomlán ar oileán na hÉireann i ndiaidh fás aníos saor ó scáth an fhoréigin.

Lig an Comhaontú dúinn a síleann muid dúinn féin agus dá chéile a athshamhlú. D’aistrigh sé an méid a shíl an domhan dár n-oileán agus de na féidearthachtaí a bhaineann leis.

Tháinig muinín agus dóchas nua do thodhchaí níos fearr in áit éiginnteacht agus foréigean na dTrioblóidí. Tá an-tóir ag infheisteoirí idirnáisiúnta ar Thuaisceart Éireann. Trí fhéidearthacht gheilleagar uile-oileáin a úsáid, cruthaíodh deiseanna do theaghlaigh agus do phobail ar fud an oileáin.

Le chéile, bhaineamar nithe amach a shíl glúnta romhainn a tháinig ó Londain a bheith dodhéanta: ó dhíchoimisiúnú paraimíleata, go leasú ó thaobh na póilíneachta de, go bonneagar iomlán do rannpháirtíocht pholaitiúil agus comhoibriú Thoir-Thiar, Thuaidh-Theas, agus laistigh de Thuaisceart Éireann.

Is ‘síocháin neamhfhoirfe’ é seo do go leor daoine. Tá go leor oibre le déanamh againn fós le fís agus luachanna an Chomhaontaithe a síneadh i mBéal Feirste a bhaint amach i gceart agus le cinntiú gur féidir leis na pobail agus na traidisiúin ar fad leas iomlán a bhaint as an tsíocháin. Mar chomhráthóir Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá Rialtas na hÉireann tiomanta go fóill d’aistear leanúnach na síochána agus an athmhuintearais ar na hoileáin seo agus eatarthu.

Tragóidí an ama atá caite”

Mórshiúl Cearta Sibhialta a bhuíochas le RTÉ Stills Library

Mórshiúl Cearta Sibhialta a bhuíochas le RTÉ Stills Library

Sa bhliain 1969, fuair feachtasóirí síochánta do chearta sibhialta freagra doicheallach agus smachtúil ó na húdaráis. Rinne eagraíochtaí paraimíleata a bhí ag déanamh ionadaíocht ar ghrúpaí beaga laistigh den dá phobal gníomhartha foréigneacha sa tréimhse seo freisin. Ba é seo tús na tréimhse ar a dtugtar na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann.

Fuair breis is 3,500 duine bás le linn na dTrioblóidí agus gortaíodh agus fágadh tráma ar i bhfad níos mó. D’fhág gach duine acu sin teaghlach a bhí ag déanamh bróin ina dhiaidh, cuid acu a chaith na blianta ar tóir na fírinne agus na córa. Ba mhallacht iad na saolta agus na féidearthachtaí a scrios an foréigean, mallacht atá ina streachailt fós go dtí an lá inniu ann. Imríodh tionchar ollmhór ar phobail ar fud na hÉireann agus na Breataine. Tá tíreolaíocht an tráma ó Dhoire go Baile Uí Mhurchú agus Muileann Ching, Baile Átha Cliath, Muineachán agus Birmingham, Inis Ceithleann agus an Ómaigh go Londain, i gcroíthe an-chuid daoine.

Dhaingnigh na Trioblóidí na deighiltí i dTuaisceart Éireann. Bhí ar phobail nach raibh acu cúpla sráid eatarthu cloí le leithscaradh dian. Bhí an gnáthshaol polaitiúil dodhéanta, rud a léirigh díscor Stormont sa bhliain 1972. Cé is moite de thréimhse ghairid in 1974, rinneadh Tuaisceart Éireann a rialú ó Londain go dtí go ndearna Comhaontú Aoine an Chéasta dispeansáid dhaonlathach nua indéanta.

Sna 1980idí, mar gheall ar shíniú an Chomhaontú Angla-Éireannaigh, thosaigh Rialtais na Breataine agus na hÉireann ag teacht ar bhealaí struchtúrtha le hobair le chéile i dtreo réiteach réamhshocraithe polaitiúil ar an gcoinbhleacht i dTuaisceart Éireann. Chabhraigh caidrimh phearsanta ó leibhéal an Phríomh-aire agus an Taoisigh go dtí leibhéal na bhfeidhmeannach a bhí ag obair ar cheisteanna laethúla naisc tuisceana agus meas níos mó a chruthú maidir le tuairimí éagsúla ar cheisteanna. Ba é Comhaontú Aoine an Chéasta toradh an chomhoibrithe seo, a aontaíodh idir páirtithe Thuaisceart Éireann agus Rialtais na hÉireann agus na Breataine ar an 10 Aibreán 1998.

Is sainghné den chaidreamh déthaobhach seo fós iad róil agus dualgais an dá Rialtais mar chomhrathóirí an Chomhaontaithe.

Tragóidí an ama atá caite

Teaghlaigh Mhuileann Ching agus Bhaile Uí Mhurchú agus a gcuid lucht tacaíochta

Teaghlaigh Mhuileann Ching agus Bhaile Uí Mhurchú agus a gcuid lucht tacaíochta

Deirtear i gComhaontú Aoine an Chéasta gurb é an bealach is fearr le meas a léiriú orthu siúd a fuair bás nó a gortaíodh ná cur lenár gcuid iarrachtaí “maidir le hathmhuintearas, caoinfhulaingt, agus comh-mhuinín a bhaint amach, chomh maith le cosaint agus seasamh cearta daonna cách.”

Leanann oidhreacht an ama atá thart uirthi ag imirt tionchar mór ar go leor teaghlach agus pobal ar na hoileáin seo. I ndiaidh an tráma agus caillteanas nach féidir a shamhlú a d’fhulaing siad le linn na dTrioblóidí, iarradh ar íospartaigh agus ar a dteaghlaigh íobairtí suntasacha a dhéanamh a bhí ríthábhachtach ó thaobh bhaint amach na síochána de, agus áiríodh i measc na n-íobairtí sin, príosúnaigh a rinne ionsaithe foréigneacha a scaoileadh saor. Mar a tharlaíonn i gcás go leor sochaithe iarchoinbhleachta, leanann Tuaisceart Éireann ar aghaidh go fóill ag streachailt le hoidhreacht an fhoréigin, lena n-áirítear leibhéil ardaithe fadhbanna meabhairshláinte agus féinmharaithe.

Is príomhaidhm de chuid Chomhaontú Aoine an Chéasta go fóill é an t-athmhuintearas. Ní féidir seo a bhaint amach go hiomlán gan dul i ngleic go cuí le hoidhreacht an ama atá thart, ar bhealach a léiríonn meas ar dhlí cearta daonna idirnáisiúnta agus a dhíríonn ar riachtanais na n-íospartach. Is minic a tháinig frustrachas ar íospartaigh mar gheall ar an easpa dul chun cinn ó thaobh teacht ar an bhfírinne, ar choir, agus ar fhreagracht de. Gan bealach chun tosaigh socraithe maidir le dul i ngleic le hoidhreacht an ama atá thart, beidh athmhuintearas ceart agus dáiríre ina dhúshlán go fóill.

1985

Comhaontú Angla-Éireannach

1993

Dearbhú Comhpháirteach
(Dearbhú Shráid Downing)

1994

Sos comhraic paraimíleata

1996

Cuireann Óglaigh na hÉireann deireadh lena sos comhraic

1997

Tugann Óglaigh na hÉireann faoi shos comhraic arís Bunaítear an Coimisiún Idirnáisiúnta Neamhspleách maidir le Díchoimisiúnú

1998

Aontaítear Comhaontú Aoine an Chéasta i mí Aibreáin Cuirtear reifrinn ar bun i mí Bealtaine

1999

Dílárú cumhachta do Thuaisceart Éireann

2001

Bunaítear an PSNI

2004

Bunaítear an Coimisiún Idirnáisiúnta Monatóireachta

2005

Fógraíonn Óglaigh na hÉireann deireadh le feachtas faoi airm

2006

Comhaontú Chill Rímhinn

2010

Comhaontú Chromghlinne

2014

Comhaontú Theach Stormont

2015

An Comhaontú Tús Úrnua

2020

Cur Chuige Deich mBliana Nua, Cur Chuige as an Nua

Muidne, na rannpháirtithe san idirbheartaíocht ilpháirtí

An tIar-Thaoiseach Bertie Ahern, seanadóir SAM George Mitchell, agus iar-Phríomh-aire Tony Blair i ndiaidh dóibh an comhaontú a shíniú ar an 10 Aibreán 1998. Grianghraf: Dan Chung

An tIar-Thaoiseach Bertie Ahern, seanadóir SAM George Mitchell, agus iar-Phríomh-aire Tony Blair i ndiaidh dóibh an comhaontú a shíniú ar an 10 Aibreán 1998. Grianghraf: Dan Chung

Baineadh Comhaontú Aoine an Chéasta amach mar thoradh ar dhaoine ó chúlraí éagsúla polaitiúla agus cathartha ag teacht le chéile go cróga chun obair ar son na síochána. Thug siad aghaidh ar lucht cáinte ina gcuid páirtithe agus ina gcuid pobal féin chun áit níos fearr a dhéanamh de Thuaisceart Éireann.

Throid gníomhaithe ón tsochaí shibhialta go tréan le cinntiú go raibh ionchur ag guthanna éagsúla i gComhaontú Aoine an Chéasta. Ní thugtar aitheantas go fóill do chuid de na gníomhaithe ba thábhachtaí sa phróiseas síochána. Bhí róil riachtanacha ag go leor ban, go háirithe, ina gcuid pobal ó thaobh naisc fhiúntacha a thógáil thar dheighiltí, daoine óga a mhealladh ón bhforéigean, agus todhchaí níos fearr a éileamh.

Is ionann síocháin agus obair na nglúnta. Níor tharla an méid a baineadh amach sa bhliain 1998 thar oíche, bhíothas ábalta é a dhéanamh mar thoradh ar na blianta d’ullmhúchán a rinne ceannairí sibhialta agus polaitiúla in Éirinn agus sa Bhreatain. Chuir gach céim a glacadh, ón gComhaontú Angla-Éireannach (1985) go dtí Dearbhú Shráid Downing (1993), go sosanna comhraic sna blianta roimh 1998, i dtreo bonn níos cinnte i dtreo na síochána muid. Chruthaigh gach gníomh a léirigh muinín féidearthachtaí agus deiseanna nua don cheannaireacht

Sa lá atá inniu ann, tá ceannaireacht sochaí sibhialta ó thraidisiúin agus pobail an oileáin seo i gcroí phróiseas na síochána agus an athmhuintearais go fóill. Is príomhriachtanas do Rialtas na hÉireann é tacú leis an obair seo trí mheicníochtaí amhail an Ciste Athmhuintearais, an Ciste Idirnáisiúnta d’Éirinn, an Ciste um Oileán Comhroinnte, agus airgead EU PEACE.

“Ár dtiomantas iomlán i leith bealaí daonlathacha agus síochánta amháin le difríochtaí maidir le ceisteanna polaitiúla a réiteach”

Is cáipéis ar leith é Comhaontú Aoine an Chéasta ina bhfuil meascán de mheicníochtaí praiticiúla a bhfuil idéil fhíseacha iontu.

I gcroí na cáipéise tá roinnt bunphrionsabal, agus ina measc siúd is é an tiomantas do “bhealaí atá daonlathach agus síochánta amháin” chun díospóidí polaitiúla a réiteach an prionsabal is iomráití.

Aithníonn an Comhaontú go soiléir go bhfuil spriocanna éagsúla do thodhchaí an oileáin ag daoine agus ag pobail, agus tá gach ceann de na spriocanna sin dlisteanach, ach dearbhaítear ann nach dtabharfar faoi na spriocanna sin a bhaint amach ach go síochánta.

Aithníonn sé castacht féiniúlachtaí daoine, agus aithníonn sé gur féidir le daoine ó Thuaisceart Éireann a bheith “Éireannach, Briotanach, nó an dá rud”.

Seachas daoine a bhrú isteach i gcúinní éagsúla, d’aimsigh an Comhaontú bealaí nua dúinn ar fad teacht le chéile i ‘gcur chuige trí shnáithe’ a neartaíonn gach páirtí agus a léiríonn iomláine na gcaidreamh ar fud ár n-oileán: Thuaidh-Theas, Thoir-Thiar, agus laistigh de Thuaisceart Éireann. Mar chuid de seo bhí meicníochtaí polaitiúla nua le cabhrú linn a chéile a thuiscint níos fearr agus fíorfheabhsaithe a dhéanamh ar shaolta laethúla daoine.

Is gnéithe lárnacha de na córais seo iad an Tionól agus an Feidhmeannas comhroinnte cumhachta a bunaíodh faoi Shnáithe a hAon; an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a bhunaíodh faoi Shnáithe a Dó; agus an Chomhdháil Idir-Rialtasach na Breataine-na hÉireann agus Comhairle na Breataine-na hÉireann a bunaíodh faoi Shnáithe a Trí.

Tá an chomhpháirtíocht, cothromas, agus comh-mheas ag croí Chomhaontú Aoine an Chéasta, go háirithe trí na gealltanais cheangailteacha a rinneadh maidir le “cosaint agus seasamh cearta daonna cách”.

Chuir an Comhaontú na huirlisí ar fáil a bhí ag teastáil uainn chun sprioc a raibh muid ar fad ábalta aontú maidir léi a bhaint amach: síocháin leantach agus fíorathmhuintearas. Níor bhaineamar an fhís seo amach i gcónaí; ach tá ár dtiomantas go mbainfear amach í ann go fóill.

Tacaíocht idirnáisiúnta

Síneann an tUachtarán Bill Clinton lámh tríd an slua chun lámh a chroitheadh le buachaill óg i mBéal Feirste.

Síneann an tUachtarán Bill Clinton lámh tríd an slua chun lámh a chroitheadh le buachaill óg i mBéal Feirste.

Bhí tacaíocht an phobail idirnáisiúnta riachtanach ó thaobh síocháin idirbheartaithe a bhaint amach i dTuaisceart Éireann. Tá ainmneacha George Mitchell de chuid SAM, Cyril Ramaphosa de chuid na hAfraice Theas, Martti Ahtisaari de chuid na Fionlainne, agus John de Chastelain de chuid Cheanada inscríofa in annála stair ár n-oileáin mar dhaoine ar éirigh leo síocháin a dhéanamh ar an oileán seo. Bhí siad ina n-eadránaithe neodracha a bhí ábalta daoine a thabhairt chun cainte nuair nach raibh aon duine eile agus léiríodh muinín iontu go bhféadfaidís a dhearbhú go raibh na páirtithe ar fad i ndiaidh beart a dhéanamh de réir a gcuid gealltanas.

Bhain ról SAM mar chara dílis na síochána le glúnta polaitiúla ar an dá thaobh. Bhí tacaíocht láidir dhépháirteach ón Uachtarán Ronald Reagan agus ó Spéicéir an Tí Tip O’Neill riachtanach i luathbhlianta an phróisis síochána. Choimeád gach duine de chomharbaí Clinton an spreagadh don tsíocháin a chruthaigh rannpháirtíocht thiomanta a rialtais. Léirigh na daoine a tháinig i gcomharbas air a dtiomantas leantach trí rannpháirtíocht pholaitiúil, tacaíocht airgeadais agus infheistíocht, agus trí cheapadh sraith Toscairí Speisialta a leanann go dtí an lá atá inniu ann.

Tá tacaíocht an Aontais Eorpaigh i leith na síochána agus an athmhuintearais ar oileán na hÉireann riachtanach go fóill. Chinntigh bunús an AE féin mar thionscadal leis an tsíocháin a dhaingniú san Eoraip comhbhá agus tacaíocht instinneach a mhaireann go fóill. Fuair comhbhallraíocht AE na hÉireann agus na RA agus an creat praiticiúil don chomhoibriú eacnamaíoch agus polaitiúil, fuair siad réidh le baic shuntasacha. Agus muid ag plé leis na castachtaí atá ann mar thoradh ar chinneadh na Ríochta Aontaithe an AE a fhágáil, tá Comhaontú Aoine an Chéasta ina phríomhthosaíocht go fóill do Rialtas na hÉireann.

“Molann muid go láidir do na daoine an comhaontú seo”

An t-iarUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa ag caitheamh vóta i reifreann Bealtaine 1998

An t-iarUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa ag caitheamh vóta i reifreann Bealtaine 1998

Thacaigh muintir na hÉireann, ó thuaidh agus ó dheas, go mór le Comhaontú Aoine an Chéasta in dhá reifreann a bhí ar siúl ar an 22 Bealtaine 1998. I dTuaisceart Éireann ghlac vótálaithe leis an gComhaontú agus in Éirinn ghlac vótálaithe leis an gComhaontú agus le leasuithe ar Alt 2 agus ar Alt 3 de Bhunreacht na hÉireann (de réir na ngealltanas a rinne sa Chomhaontú).

I bPoblacht na hÉireann, vótáil 94% duine ar son an Chomhaontaithe agus i dTuaisceart Éireann, vótáil 71% ar a shon. Cinntíonn an tacaíocht shuntasach dhaonlathach a tugadh don Chomhaontú a dhlisteanacht leantach – is le muintir an oileáin seo ar bhealach ar leith an Comhaontú.

Fuair gach teaghlach ar oileán na hÉireann cóip den Chomhaontú. Phléigh teaghlaigh agus cairde ag boird chistine, i dtithe tábhairne áitiúla, agus in ionaid phobail buntáistí an Chomhaontaithe, agus na comhréitigh dhiana a bhain lena ghlacadh. I dteannta a chéile, d’aontaigh formhór na ndaoine ó thuaidh agus ó dheas, is cuma cén creideamh, traidisiún nó cúlra a bhí acu, d’aontaigh siad go dtógfaimis todhchaí shíochánta le chéile.

Gaisce sochaí atá síochánta agus coir

David Trimble, Bono, agus John Hume, 1998

David Trimble, Bono, agus John Hume, 1998

Tá Rialtas na hÉireann tiomanta go hiomlán fós ó thaobh Chomhaontú Aoine an Chéasta a bhaint amach ina iomláine.

Tá go leor oibre le déanamh fós. Táimid i bhfad ón tsochaí a bhfuil athmhuintearas iomlán bainte amach aici a gealladh in 1998. Tá deighiltí tábhachtacha ann fós go fisiciúil – sna ‘ballaí síochána’ atá i roinnt pobal go fóill – agus go síceolaíoch, i bhfás rómhall eispéireas atá comhroinnte go hiomlán.

Ina theannta sin, níor dáileadh tairbhí an phróisis síochána amach go cothrom, agus dar le go leor daoine, nach leor an easpa coinbhleachta le buntáistí na síochána a bhrath. Tá go leor pobal ag streachailt go mór fós le hiarmhairtí fadtéarmacha na coinbhleachta, ó anás géar sóisialta agus dúshláin mheabhairshláinte go tionchar leantach na n-eagraíochtaí paraimíleata.

Bhí ról ríthábhachtach ag institiúidí comhroinnte cumhachta Chomhaontú Aoine an Chéasta ó thaobh daoine ar an speictream polaitiúil a thabhairt le chéile chun áit níos fearr a dhéanamh de Thuaisceart Éireann. É sin ráite, léiríonn na tréimhsí fada atá muintir Thuaisceart Éireann i ndiaidh a chaitheamh gan ionadaíocht le linn dá gcuid institiúidí a bheith as feidhm, léiríonn sé sin dúinn go bhfuil níos mó oibre le déanamh fós chun cobhsaíocht pholaitiúil sheasmhach a leabú.

Agus muid ag breathnú chun tosaigh, is é Comhaontú Aoine an Chéasta an compás a threoraíonn muid fós. Chun a fhís a bhaint amach, tá gá le ceannaireacht leantach ó na páirtithe leasmhara ar fad – ó Thuaidh agus ó Dheas Deisceart, Soir agus Siar, chomh maith le tacaíocht ónar gcairde agus páirtithe idirnáisiúnta. Ní fhillfimid ar laethanta dorcha an ama atá thart go deo arís. Trí obair le chéile, is féidir linn a chinntiú go dtabharfaidh an chéad 25 bliain eile todhchaí níos fearr dúinn ar fad.